about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Belfast Art Society

click to view fullsize



Belfast Art Society

Bhí rath ar an Belfast Ramblers' Sketching Club nuair a d'éirigh Anthony Carey Stannus (1830-1919) as an uachtaránacht air sa bhliain 1890. Toghadh John Vinycomb a bhí ina chéad uachtárán ar Belfast Ramblers' Sketching Club ina áit. Rinneadh an Belfast Art Society féin den Belfast Ramblers' Sketching Club faoina uachtaránacht nua agus rinneadh ball oinigh den chumann nua de Joseph Stannus.

Bhí a gcéad taispeántas bliantúil ag an gcumann úr sa Free Library i mbliain a bhunaithe. Taispeántas mór a bhí ann le saothair de chuid Thomas Jones (1823–93), uachtarán an Royal Hibernian Academy, Mildred Anne Butler (1858-1941), Rose Barton (1856-1929) agus Walter Frederick Osborne (1859-1903) ann. Rinneadh iarracht dhearscnaitheach ealaíontóirí ón gcoigríoch a earcú chun a saothar thaispeáint leo.

Leathnaíodh ar ghréasán an chumainn agus a thábhacht dá bharr le himeachtaí ar nós an turas a rinne ba baill ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1899 chun taispeántas de chuid an Royal Hibernian Academy a fheiceáil. Bhí an cumann go mór i bhfách le hionad taispeántais buan a bheith ar fáil i mBéal Feirste agus chun an sprioc seo a bhaint amach ghlac siad páirt san Joint Art Committee ón mbliain 1905 ar aghaidh. Bhí baill ón Ulster Arts Club agus an Ulster Institution of Architects ar an gcoiste seo chomh maith.

Bunaíodh an Municipal Art Gallery sa bhliain 1909 de bharr a n-iarrachtaí ach ní raibh i gceist ach seomra amháin. Bhí rath níos fearr ar a n-iarrachtaí sa bhliain 1922 nuair a thosaigh Bárdas Bhéal Feirste ar Mhúsaem Bhéal Feirste ar an Sruthán Milis a thógáil. Thacaigh Hugh Lane leis an gcumann nua agus ainmníodh é ina phátrún ar an Belfast Art Society sa bhliain 1909.

Bhí a lán ealaíontóirí ainmniúla ina mbaill de chumann, ealaíontóirí ar nós William Conor (1881-1968), Wilhelmina Geddes (1887-1955), Paul Henry (1876-1959) agus a bhean Grace Henry-Mitchel (1868-1953). Ghlac John Lavery páirt in imeachtaí an chumainn agus ainmníodh é ina uachtarán air sa bhliain 1919. Rinneadh an Ulster Academy of Arts den Belfast Art Society nuair a bunaíodh sin sa bhliain 1930.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint