about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Belfast Association of Artists

click to view fullsize



Belfast Association of Artists

Cumann gearrshaolach d'ealaíontóirí gairmiúla a cuireadh ar bun sa bhliain 1836 i mBéal Feirste chun institiúid nó scoil ealaíne a fháil don chathair. Ar na healaíontóirí a bhí ann ag an tús bhí Hugh Frazer (fl.1813-1861), Nicholas J Crowley (1819-57), Joseph Molloy, Samuel Hawksett (1776-1851), Robert Warrington, John W Millar (1807/11-76), F La Moile, William Nicholl (1794-1840) agus Andrew Nicholl (1804-86).

Ceapadh Hugh Frazer ina uachtarán ar an gcumann agus Samuel Hawksett ina chisteoir. Ní raibh ionad taispeántais ag an gcumann úr agus thug an Natural History Society an halla mór a bhí ina músaem acu ar iasacht dóibh chun a gcéad taispeántas a reáchtáil. Tírdhreacha a bhí i mbunús na dhá chéad agus seacht bpictiúr déag sa taispeántas sin. Bhí an Músaem sin suite ar Chearnóg an Choláiste Thuaidh.

Chuir an cumann ciste ar bun chun an institiúid ealaíne a chur ar bun agus bailíodh suim mhór airgid ach níor leor a n-iarrachtaí agus scoireadh an cumann tar éis dhá bhliain.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint