about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Belfast Rambler's Sketching Club

click to view fullsize



Belfast Rambler's Sketching Club

Cumann sceitseála a chuir seisear maisitheoirí déag de chuid an chomhlachta foilsitheoireachta Marcus Ward and Co. i mBéal Feirste sa bhliain 1879 agus a mhair go dtí an bhliain 1890.

Ceapadh John Vinycomb (1833-1928), a mhol an fiontar a bhunú an chéad lá, ina uachtarán air. Bhí Hugh Thomson (1860-1920) agus Joseph W. Carey (1859-1937) chun tosaigh sa chumann úr chomh maith. Thugadh na baill turais sceitseála faoin tuath mar chaitheamh aimsire agus chun cur lena gcumas sna míndána i gcoitinne.

Reáchtáil siad a gcéad taispeántas in Botanic Avenue i mBéal Feirste i bhfoirgneamh de chuid Marcus Ward and Co. sa bhliain 1881. Ghlac siad le baill nua eile ina dhiaidh sin ach chaill siad a n-ionad taispeántais sa bhliain 1884. Bhí sé d’ádh orthu cead a fháil a saothar a thaispeáint sa scoil ealaíne ina dhiaidh sin. Nuair a d'fhill an péintéir céimiúil Anthony Carey Stannus (1830-1919) ar Bhéal Feirste sa bhliain 1882 tar éis dó a bheith thall i Londain ó bhí an an bhliain 1864 ann ghlac sé ballraíocht sa chumann. Thairg sé a thacaíocht agus saoirse a stiúideo go fial don chumann. Leis an mballraíocht ag méadú agus rath ar dhíolacháin d'éirigh John Vinycomb as an uachtaránacht sa bhliain 1885 agus ghéill í don Uasal Stannus.

Méadaíodh ar líon imeachtaí an chumainn de réir a chéile le Stannus i gceannas air. D'éirigh Anthony Stannus as uachtaránacht an chumainn agus toghadh John Vinycomb arís sa bhliain 1890 agus rinneadh an Belfast Art Society féin den Belfast Ramblers' Sketching Club. Rinneadh ball oinigh den chumann nua de Anthony Stannus.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint