about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Belvedere, Cabhail Belvedere

click to view fullsize

Cabhail Belvedere

Blogh de dhealbh snoite marmair ó Ré Heilléanaíoch na Gréige. Tá an blogh sínithe ag Apollonius mac Nestor agus bhíodh sé ar taispeáint i gCúirt Belvedere (an Cortile) na Vatacáine in aimsear an Renaissance. Tá sé ann fós agus tá an chúirt mar chuid de Mhusaem na Vatacáine, an Museo Pio-Clementino anois.

Cóip marmair Rómhánach atá sa chabhail agus síltear go mbaineann sé leis an gcéad roimh Chríost. Níl aon eolas cinnte faoina stair agus tagann sé chun solais nuair a bhí sé san Palazzo Colonna ó 1433 A.D. ar aghaidh. Cheannaigh an Pápa Julius II (Giuliano della Rovere, Pápa 1523-1534) é agus chuir i gCúirt an Belvedere é.

Cabhail féitheogach atá ann agus d’imir sé, in éineacht leis an Laocoön agus leis an Apalló Belvedere dealbha Heilléanaíocha eile, tionchar ollmhór ar fhorbairt na healaíne sa Renaissance agus ina dhiaidh. Bhí meas ar leith ag Michelangelo air agus tá a thionchar soiléir ar na pictiúir a rinne sé ar shíleáil an tSéipéil Shistíneach. Bhí meas mór ag Bernini air chomh maith. Cuid riachtanach de theagasc na n-acadamh ba ea é líníochtaí a dhéanamh de theilgin plástair de.

Grianghraf: An Torso Belvedere san Cortile Belvedere, Museo Pio-Clementino, an Vatacáin.


Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint