about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Beranger, Gabriel

click to view fullsize



Gabriel Beranger, (1729-1817)

Péintéir portráidí, tírdhreacha agus neamhbheonna in uiscedhath a bhí tábhachtach i dtaifeadú seandachtaí na tíre.

Ugónach a bhí i Gabriel a rugadh i gcathair Rotterdam. Tháinig sé anonn chun cónaithe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1750. Ní ag teitheadh a bhí sé ach tháinig sé chun Iníon Beranger a chol ceathrar a phósadh. Fuair sise bás sula raibh aon chlann acu agus phós Gabriel bean leis an sloinne Mestayer agus a bhí de bhunadh na Fraince tar éis tamaill. Ní raibh aon chlann orthu ach oiread.

Is ag déanamh greanadóireachtaí agus ag cur frámaí ar phictiúir is mó a d’fhostaigh sé é féin ar dtús. Bhí siopa aige i Sráid Sheoirse Theas sa chathair agus thaispeáin sé a phictiúir leis an Society of Artists idir na blianta 1765 agus 1768.

Bhí spéis aige i gcónaí i seandachtaí agus rinne sé níos mó pictiúir agus líníochtaí díobh ná mar a rinne ealaíontóir ar bith eile lena linn. Rinne sé a chéad turas ag taifeadú seandachtaí sa bhliain 1773.

Fuair Gabriel coimisiún ó William Burton Conyngham uachtarán an Antiquarian Society agus General Vallancey sa bhliain 1779 chun camchuairt a dhéanamh ar Iarthar na Tíre agus cuntas a choinneáil agus líníochtaí agus pictiúir a dhéanamh de sheandachtaí na tíre. Thaistil Angelo Maria Bigari (fl.1772–88) ón Iodáil, a bhí ina ailtire agus ina dhearthóir don stáitse ina chuideachta. Thug siad cuairt ar Chontaetha na Gaillmhe Mhaigh Eo, Liatroim, Ros Comáin agus Sligeach. Tá toradh a saothair san Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath anois.

Rinne Gabriel camhchuairt ar Chontae Chill Mhanntáin agus Contae Loch Garman i dteannta John James Barralet (c. 1747-1814) a bhí ar shliocht Ugónach chomh maith sa bhliain 1780. Bhí coimisiún acu ón Hibernian Antiquarian Society seandachtaí na gcontaetha sin a thaifeadadh agus go bhfoilseodh an cumann a n-iarrachtaí mar imleabhar, rud nár tharla foraor.

Fuair oifigigh an Antiquarian Society post bog ón Rialtas dó chun ioncam breise a thabhairt dó. Nuair a bhí sé níos sine tháinig slám mór airgid chuige nuair a fuair an Coirnéal Mestayer, deartháir a mhná a rinne seirbhí san India, bás. Fuair Gabriel Beranger féin bás i bhFaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath agus tá sé curtha i Reilg na nUgónach i Sráid Pheadair ar an bhFaiche chéanna.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint