about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bestiarum

click to view fullsize

Cineál de lámhscríbhinn maisithe de chuid na meán-aoiseanna a raibh ráchairt orthu sa dóú agus tríú céad déag go mór mór. Clóbhualadh iad mar bhlocleabhair ina dhiaidh sin. Tráchtais mhorálta a bhíodh iontu le tuairim is céad léaráidí d’ainmhithe fíre ar nós an leon agus ainmhithe samhailteacha ar nós an ghríobh, an dragan agus an aonadharcach.

Bhíodh feidhm láidir mhorálta ar an gcur síos a dhéantaí ar na hainmhithe seo sa téacs. Sheas an seangán do díbhirceacht mar shampla agus an eala de bhárr a báine don ghrá foirfe, misneach, coinsias glan agus d’Íosa agus do Mhuire chomh maith.

Thugtaí dhá chineál léiriú ar ainmhithe léiriú in bonum .i. dea-shampla agus léiriú in malum .i. droch-shampla.

Bhí seánra na mBestiarum ar fad bunaithe ar fréamhshamhail Gréagach de chuid an dara céad AD, an Physiologus (an Nádúraí) Síltear gur manach de chuid Chathair Alastair a scríobh é. Níor mhair an buntéacs áfach.

B’fhoinse thábhachtach téamaí do dhealbhóirí agus do mhaisitheoirí iad na léaráidí agus chuidigh siad le íocónagrafaíocht aontaithe Chríostaí a chruthú san Eoraip a chleachtaítear fós.

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint