about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bidermeierstil

click to view fullsize

Téarma a thagraíonn don chuid is déanaí den Chlasaiceas déanach sa Ghearmáin agus san Ostair. Luaitear tréimhse cinnte trí bhliain agus tríocha leis an stíl, an bhliain 1815 agus turnamh Napoleon go dtí an Märzrevolution, Réabhlóid na Márta sa bhliain 1850.

Cumadh an téarma Biedermeier trí ainmneacha bheirt charachtar Bieder agus Meier san iris aorach Fliegende Blätter a d’fhoilsítí i München na Gearmáine a chur le chéile. Téarma díspeagúil a bhí in Bidermeier i dtosach agus ar feadh i bhfad. Tá meas mór anois ar an troscán agus earraí eile a dhéantí sa stíl.

Samhlaítear déantáin a bhíonn simplí, deartha go maith agus fóntaíoch leis agus iad déanta as adhmaid gheala. Stíl nádúraíoch mhaoithneach a bhíonn i gceist ag an téarma sna míndána. Bhí an Eoraip ar fad níos boichte tar éis Napoleon agus síltear gur freagairt ar an mbochtaine sin a bhí sa stíl. Bhí eiseamláirí Sasanacha de throscáin tábhachtach i bhforbairt na stíle.

Is iad na healaíontóirí Ferdinand Georg Waldmüller (1793-1865) agus Carl Spitzweg (1808-85), Franz Krüger (1797-1857) agus Moritz von Schwind (1804-71) is mó a bhí faoi mheas agus is iad is mó a léiríonn an stíl í i radhairc seánra agus i dtírdhreacha go mór mór. Bhí claontaí rómánsacha le sonrú ar na míndána agus ní raibh an ailtireacht chomh ornáideach agus a bhíodh.

Tagraíonn an téarma do stíl dearaidh intí chomh maith a forbraíodh ón stíl impireachta san Ostair c.1813. Leath an stíl isteach i dtíortha ag bhí ag críochantacht leis an nGearmáin agus leis an Ostair. Thug an Bidermeierstil cúrsaíocht do smaointe úra ar an ndearadh a bheadh tábhachtach i ngluaiseachtaí eile ar nós Jugendstil, Art Nouveau, Art Déco agus an Bauhaus.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint