about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bijin-ga

click to view fullsize

Is seánra é Bijin-ga in ealaín na Seapáine a mbíonn ráchairt air i gclónna ealaíne agus eile. Stuaire mná is brí le bijin agus pictiúr is brí le ga.

Bhíodh ráchairt ar leith ar mheirdrigh mar théamaí do na clónna seo sa tréimhse Edo (1603-1868) go mór mór mar a fheictear i saothar Kitagawa Utamaro (1753-1806). Léirigh Torii Kiyonaga (1752-1815) mná in amhairc intí.

Luaitear Tohoharu (1763-1828), Eisen (1790-1848) Suzuki Harunobu (c.1725-70), Kitagawa Utamaro (c.1753-1806), Utagawa Toyokuni (1769-1825) agus Kikukawa Eishi (1756-1829) mar ealaíontóirí dearscnaitheacha sa seánra chomh maith.

Catagóir: Ealaíona na Seapáine

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint