about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bindon, Francis

click to view fullsize



Francis Bindon (c. 1698-1765)

Amaitéarach uasal nótáilte a bhí ina phéintéir portráidí agus ina ailtire. Bhí a athair David Bindon ina M.P. thar ceann na hInse agus bhí eastáit mhóra aige i gContae an Chláir agus i gContae Luimnigh.

Rugadh Francis i dTeach Chluana agus bhí sé ar gceathrú mac a bhí ag a athair. D'imigh Francis ar an Grand Tour nuair a bhí sé ina fhear óg agus é thart ar ocht mbliana déag d'aois. Rinne sé staidéar ar an bpéintéireacht agus ar an ailtireacht i gcathair Padova na hIodáile agus in áiteanna eile ar an mór-roinn. Rinne sé staidéar i Sasana chomh maith san acadamh, an Academy of Painting a bhí ag an bpéintéir nótáilte Godfrey Kneller (1646-1723) i Londain.

Chuir Francis faoi i mBaile Átha Cliath ansin agus bhí ráchairt air mar phortráid. Ní raibh sé i dtortaobh leis seo nó bhí ioncaim an-mhór aige ó na heastáit i gContae an Chláir agus i gContae Luimnigh ón mbliain 1723 ar aghaidh.

Bhí sé mór le Jonathan Swift (An Gailearaí Náisiúnta) agus phéinteáil sé a phortráid. Phéinteáil sé portráid Thoirealaigh Uí Chearbhalláin chomh maith atá anois sa Ghailearaí Náisiúnta chomh maith. Bronnadh ballraíocht an Royal Dublin Society air in ómós dá shaothar sa bhliain 1733.

Rinne Francis staidéar ar an ailtireacht lena dhuine muinteartha Edward Lovatt Pearce. Dhear sé tithe leis féin agus i bpáirt le hailtirí eile. I measc na dtithe tuaithe a dhear sé bhí Carnelly, Newhall agus Castlepark i gContae an Chláir. Ní raibh sé teoranta do thithe tuaithe agus dhear sé Cearnóg Eoin i gCathair Luimnigh chomh maith. Tá tithe Bessborough, Woodstock agus Castle Morres i gContae Chill Chainnigh ar líon na dtithe eile a dhear sé.

Chabhraigh Francis leis an ailtire Richard Castle (1690-1751) i ndearadh Russborough House i gContae Chill Mhanntáin agus thóg an fiontar iomlán anonn tar éis do Richard Castle bás a fháil sa bhliain 1751. Tháinig Francis i seilbh eastáit a athar sa bhliain 1761 agus bheith ina M.P. thar cheann na hInse i ndiaidh bhás a dhearthár a fuair an uile rud roimhe le huacht. Fuair Francis bás go tobann agus é ar an mbóthar chuig a eastáit.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint