about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Blacherniotissa

click to view fullsize

Muirephictiúr san íocónagrafaíocht Bhiosántach ar thug uasalaicme na hImpireachta gean ar leith dó. Tagann an t-ainm ó Eaglais na mBlachernes, mainistir i gCathair Chonstaintín ina raibh an chéad leagan den samhail le fáil.

Scrios an tImpire Constaintín V Copronymus (Cac-ainm) (718-745) a bhí i réim ar feadh na bliana 741 A.D. an bunsamhail seo le linn an Íocónaclaism. Bhí go leor leaganacha eile de déanta faoin am seo áfach.

Léirítear an Mhaighdean Mhuire san Blacherniotissa mar phortráid lánfhada ina orans, (duine ag guí) lena lámha ardaithe. Léirítear Íosa óg mar chuid den samhail, ach é léirithe mar phortráid leathfhada ar mheadáille ar ucht Mhuire. Is léiriú é an samhail ar thuiscint ar Mhuire mar Theotokas.

Téann an samhail de Mhuire mar orans siar go dtí an dara céad A.D. agus na catacómaí sa Róimh agus tugtar Platytera ar an gcineál samhla seo sa Ghréigis. Is minic a mheasctar an téarma Platytera agus Blacherniotissa lena chéile anois.

Catagóir: Íocónagrafaíocht Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint