about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Blanc de Chine

click to view fullsize

Téarma a thug na Francaigh sa naoú céad déag ar ghréithe déanta i bpoirceallán bán a tháinig ó cheantar Dehua nó Tê Hua i gcúige Fujia in Iardheisceart na Síne. Thug na Sínigh pai tz’ü ‘cré bán’ air. Tugtar gréithe Dehua air chomh maith.

Tosaíodh ar ghréithe a dhéanamh i bpoirceallán bán a chéaduair i dtréimhse an rítheaghlaigh Súng (960-1279 A.D.) ach ní raibh aithne mhaith orthu go dtí tréimhse an rítheaghlaigh Ming (1368-1644 A.D.). Tosaíodh ar iad a easportáil don Eoraip san ochtú céad déag. D’ainneoin an ainm faightear blanc de chine i ndathanna eile.

Rinneadh a lán deilbhíní de dhéithe Búdaíocha agus Tao agus d’ainmhithe ann.

Catagóir: Criadóireacht

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint