about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Blogh

click to view fullsize

Ar feadh tréimhse fada i stair na hEorpa bhí scoláirí agus ealaíontóirí ag iarraidh teacht ar an gClasaiceas arís. Fothracha agus bloghanna de shaothair ealaíne is mó a bhí ar fáil mar eiseamláirí dóibh. Bhí meas orthu de bharr a n-áilleacht nó a dtábhacht mar fhianaise.

Baineadh míbhrí nó brí nua astu chomh maith, measadh ag an am sin nach raibh an dealbhóireacht chlasaiceach daite nó péinteáilte agus tugadh cúl leis an dtraidisiúin polacrómatach. Glacadh chomh maith le bloghanna mar shaothair ealaíne iontu féin.

Thosaigh dealbhóirí sna hacadaimh ag tabhairt faoi shaothair a bhí dírithe d’aon-ghnó ar chuid de ní, amhail cabhail, cionn is go bhfuil úidh an ealaíontóirí ann nó go síleann sé aird a dhíriú air seachas ar an iomlán.

Ní thagraíonn an téarma do shaothair neamhchríochnaithe ar nós snoiteáin neamhchríochnaithe Michelangelo (1475-1564). Nonfinito a thugtar orthu siúd san Iodáilis.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint