about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bodhisattva

click to view fullsize

BodhisattvaBosatsu sa tSeapáinis. Tagann Bodhisattva ón Sainscrit bodhi, foilsiú agus sattva neach.

Creideann a lán sa Bhúdachas go bhfuil daoine ann a bhain an barrchéim amach ach a chuir a n-imeacht isteach i Nirvana ar ceal ar feadh tamaill chun cabhrú le daoine eile Nirvana a bhaint amach. Ní bhíonn ach trua agus grá mar spreagadh ag duine mar seo agus bíonn siad toilteanach rud ar bith a fhulaingt ar mhaithe le daoine eile agus tugtar Bodhisattva orthu.

Léirítear iad sna amharcealaíona mar dhaoine uaisle niamhracha. Má léirítear iad le gnúiseanna fíochmhara agus ag iompar airm is chun béim a chur orthu mar chosantóirí in aghaidh an oilc. Bíonn feidhmeanna ar leith ag cuid acu agus iompraíonn siad rudaí siombalacha a chuireann an fheidhm seo in iúl. Bíonn Bodhisattva éagsúla i ngach traidisiún den Bhúdaíochas.

Bíonn meas ar leith ar Kannon, Monju, agus Jizo sa tSeapáin agus bíonn Valokiteshvara tábhachtach san India. Bíonn sé suáilce nó rudaí foirfe ag teastáil chun an staid an Bodhisattva a bhaint amach, 1 flaithiúlacht, 2 iompar mórálta, 3 foighne, 4 iarracht a dhéanamh, 5 aire a dhíriú, agus 6 eagna.

Léaráid : Guanyin nó Kuan-yin, Bodhisattva na Trócaire, Adhmad Polachrómach, an tSín ?960-1125 A.D.Musaem Nelson-Atkins, Cathair Kansas SAM

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint