about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bologna, Scoil

click to view fullsize



Scoil Bologna

An ealaín Bharócach faoi thinfeadh clasaiceach a cleachtadh i gCathair Bologna, príomhchathair Emilia-Romagna san Iodáil. Samhlaítear an scoil leis an triúr ealaíontóirí Ludovico Carracci (1555-1619) agus a bheirt cholceathracha, Agostino Carracci (1557-1602) agus Annibale Carracci (1560-1609) go mór mór. Bhí scoil acu an Accademia degli Incamminati agus d’oil siad lucht leanúna ann i leath tosaigh an seachtú céad déag. Tugtar clasaiceas Bologna ar a stíl uaireanta agus Clasaiceas Rómhánach uaireanta eile uirthi toisc gur aistrigh a lán ealaíontóirí a bhí bainteach leis an stíl ó Bologna go dtí an Róimh.

Bá stát de chuid an Phápa é Cathair Bologna sa tréimhse sin agus fuair siad cuireadh ón gCairdinéal Odoardo Farnese aistriú. Bhí siad ag obair sa Róimh don Phápa Gréagóir XV (de teaghlach Farnese a tháinig féin ó Bologna) agus dá chúirt.

Bhí Bologna tábhachtach mar lárionad ealaíne ón Ré ghotach anall. D’ordaigh an ollscoil ann a lán lámhscríbhinní maisithe a chóipeáil agus a scaipeadh sa tréimhse sin mar shampla agus maireann a lán acu. Tá tionchar Francach le sonrú orthu. Bunaíodh roinnt acadamh sa chathair ach b’é an scoil a bhunaigh Ludovico Carracci agus a cholcheathracha is mó a bhain cáil amach. Tá an meas is airde ó chriticeoirí ag dul do shaothar Annibale Carracci (1560-1609) sa lá atá inniu ann.

I measc na bpéintéirí a bhain céimíocht amach sa phéintéireacht in Bologna bhí Francesco Albani (1578-1660), Domenichino i.e. Zampieri Domenico (1581-1641), Guercino i.e. Giovanni Francesco Barbieri (1591-1666), Giovanni Lanfranco (1582-1647), Guido Reni (1575-1642) agus Sassoferrato i.e. Giovanni Battista Salvi (1609-1685). Ní bheadh an meas orthu inniu agus a bhí ar feadh linnte fada.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint