about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Brenan, James

click to view fullsize



James Brenan (1837–1907)

An péintéir tírdhreacha agus pictiúir seánra is mó a thuill aghaidh an phobail san naoú céad déag. Oideachasóir tábhachtach a bhí ann chomh maith sna scoileanna ealaíne i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus oileadh san ealaín é ag scoil an Royal Dublin Society a ghlac leis sa bhliain 1849 nuair nach raibh sé ach dhá bhliain déag d’aois. Rinne sé staidéar i scoil an Royal Hibernian Academy chomh maith. D’imigh James anonn go Londain chun tuilleadh staidéir ar an bpéintéireacht a dhéanamh. Rinne sé roinnt de na maisiúcháin a bhí san Crystal Palace mar chuid de Great Exhibition na bliana 1851 in aois a cheithre bhliana déag dó. Is faoi mhaoirseacht Owen Jones (1809-74) agus Matthew Digby Wyatt (1820-77) a rinne sé seo.

D’éirigh go breá leis an taispeántas agus spreag sé Rialtas Shasana chun scoileanna nua ealaíne a bhunú. Bhí a lán scoileanna nua ann faoin mbliain 1855 agus a lán deiseanna nua fostaíochta iontu. Bhí James ar ais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1853 ag obair i scoil an Royal Dublin Society. Chinn James dul leis an múinteoireacht agus oileadh é mar mhúinteoir ealaíne sa Marlborough House National Art Training School thall i Londain. Fuair sé fostaíocht lena linn seo sa scoil ealaíne i Birmingham sa bhliain 1857. Fuair sé postanna sealadacha tar éis dó a bheith cáilithe sa bhliain 1858 i scoileanna eile.

Ceapadh é sa bhliain 1860 ina cheannasaí ar an Scoil Ealaíne i gCorcaigh agus bhí sé sa phost sin go dtí an bhliain 1889 nuair a ceapadh é ina cheannasaí ar an Scoil Ealaíne i mBaile Átha Cliath. Rinne sé iarracht an ealaíncheardaíocht, an dearadh tionsclaíoch maille leis na míndána a chur chun cinn i gCorcaigh. Tháinig fás agus forás ar an bhforas faoina mhaoirseacht ann.

Péintéir bisiúil a bhí ann ag an am céanna agus ghlac sé páirt i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy. Toghadh ina bhall den acadamh é sa bhliain 1878.

Bhí a thréimhse sa scoil ealaíne i mBaile Átha Cliath rathúil chomh maith agus bhí sé ann go dtí an bhliain 1904 nuair a d’imigh sé amach ar an bpinsean. Bhí Henry Jones Thaddeus (1860-1929) agus William Orpen (1878-1931) i measc na ndaltaí mór le rá a bhí aige ina ghníomhréim mar mhúinteoir.

Maireann a lán pictiúir óna láimh, tírdhreacha ó gach cearn den tír agus ó Albain ach is ar na pictiúir seánra de shaol na ndaoine tuaithe is mó a bhíonn a cháil mar phéintéir ag brath. Radharcanna intí a bhíonn ina lán acu agus chuir James dua ar féin ag cinntiú go raibh na mionshonraí cruinn. Dá bhrí sin bíonn meas ar a phictiúir ar nós Scríobhaí an tSráidbhaile agus An Litir ó Mheiriceá mar fhoinse de stair shóisialta an naoú céad déag. Tá trí phictiúr dá chuid den chineál seo san Crawford Municipal Art Gallery i gCorcaigh.

Fuair James bás ina theach féin i Ráth Maoinis i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint