about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Briosca

click to view fullsize

Sa chriadóireacht is ionann briosca agus cré bhruite neamhghlónraithe. Tugtar briosca ar earraí criadóireachta tar éis a mbácáil den chéad uair ach sula gcuirtear glónra orthu. Bíonn briosca scagach briosc so-bhriste de ghnáth. Bíonn ráchairt ar bhriosca mar mheán dealbhóireachta do phíosaí beaga go mór mór cé gur féidir píosaí móra a dhéanamh ann chomh maith. Tugtar briosca ar earraí cruachré agus poircealláin nach ndeachaidh sna tornóga ach aon uair amháin agus nach mbíonn aon ghlónra orthu cé nach mbíonn siad scagach.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint