about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Brocas, Samuel Frederick

click to view fullsize



Samuel Frederick Brocas, (1792-1847)

Ealaíontóir a chuimhnítear anois air in Éirinn ar son a líníochtaí agus léaráidí d’irisí, uiscedhathanna, oladhathanna agus go mór mór a greanadóireachtaí de Chathair Bhaile Átha Cliath, greanadóireachtaí a rinne sé le cabhair óna dheartháir Henry Sóisearach.

Greanadóir agus maisitheoir a bhí ina a athair Henry Brocas Sinsearach (1762-1837) a ceapadh ar ball ina mháistir ar Thírdhreacha agus Oirnéaladh i Scoil an Royal Dublin Society. Bhí ceathrar mac ag Henry Sóisearach agus fearacht Samuel chuaigh siad go léir leis an ealaín. Péintéir a bhí i James Henry Brocas (1790-1846) a rinne speisialtacht d’ainmhithe, portráidí a bhí i William Brocas (1794-1868) agus greanadóir a bhí i Henry Brocas Sóisearach (1798-1873).

Fuair Samuel óg roinnt oiliúna óna athair agus d’fhreastail ansin ar scoileanna an Dublin Society. Bhain sé boinn ansin sna blianta 1801, 1802 agus 1807 ar son a shaothair. Chuaigh sé i mbun oibre tar éis na scoile ag péinteáil tírdhreacha in uiscedhath agus in oladhath. Thaispeáin sé roinnt tírdhreacha in oladhath i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sna blianta idir 1828 agus 1847. Ghlac sé ballraíocht san Society of Irish Artists nuair a bunaíodh sin sa bhliain 1845.

Maireann roinnt tírdhreacha de radharcanna ó cheantar Luimní uaidh. Is ar an bhfoireann greanadóiróireachtaí de dhá chathairdhreach déag de Bhaile チtha Cliath is mó a bhíonn a cháil ag brath inniu. Rinne Samuel na líníochtaí i bpeann luaidhe agus uiscedhath agus rinne a dheartháir Henry Sóisearach na greanadóireachtaí uathu seo. D’fhoilsigh J. Le Petit iad sa bhliain 1820.

An Pictiúr: Greanadóireacht, Radharc ar Ardoifig an Phoist, Sráid Sackville timpeall na bliana 1820, Samuel F. Brocas?

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint