about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Buck, Adam

click to view fullsize



Adam Buck, (1759-1833)

Péintéir bisiúil portráidí, mionphictiúir in uiscedhath, pictiúir seánra, radharcanna Clasaiceach agus greanadóireachtaí i stíl an Nua-Chlasaicis a chaith an chuid is mó dá ghníomhréim i Sasana.

Rugadh Adam i gCorcaigh agus gabha geal a bhí ina athair Jonathan agus bhí ceardlann aige i Sráid an Chaisleáin . Oileadh Adam sa ealaín nuair a bhí sé fós óg cé nach bhfuil na sonraí faoi seo ar eolas.

Bhí ráchairt ar a shaothar, mionphortráidí lánfhada in uiscedhath go mór mór agus rinne sé a lán dá chuid oibre i mBaile Átha Cliath chomh maith le Corcaigh. Bhí deartháir beag ag Adam a bhí ina phéintéir mionphortráidí, Frederick Buck (1771- c.1840) a bhíodh ag obair i gCorcaigh ar feadh a shaoil.

Bhog Adam anonn go Londain ar scor ar bith sa bhliain 1795. Bhí pictiúir aige i dtaispeántas an Royal Academy an bhliain chéanna sin agus lean sé de seo gan teip gach bhliain ar feadh a shaoil uile. Níor ghlac sé páirt i dtaispeántas ar bith go dtí gur thaipeáin sé leis an Royal Academy den chéad uair. Thaispeáin sé leis an Society of British Artists agus leis an British Institution ina dhiaidh sin chomh maith. Tá a fhios gur thaispeáin sé céad ochtú haon pictiúir ina thréimhse i Londain.

Rinne sé pictiúir i bhformáidí níos mó agus in oladhath agus i gcriáin chomh maith le mionphictiúir. Bhíodh sé ag teagasc portráidí a phéinteáil ina stiúideo féin ina theannta sin. Bhí ráchairt ar a shaothar i measc uaisle agus lucht ealaíona Shasana. Cheannaigh George IV saothair uaidh fiú.

Bhí Adam tiomnaithe don Nua-Chlasaiceas sa leagan is déanaí de, an Nua Ghréagachas agus bhí péintéireacht vásaí na nGréagach ina thionchar mór air. Rinne sé iarracht sa bhliain 1811 imleabhar de líníochtaí agus de ghreanadóireachtaí ar an bpéintéireacht vásaí a fhoilsiú. Rinne sé an bunobair dó, céad dearthaí agus greanadóireachtaí atá anois i gColáiste na Tríonóide agus Paintings on Greek Vases an teideal a bhí ceaptha aige dó. Chuir sé fógraí amach ag lorg urraithe ach ní bhfuair sé iad agus níor foilsíodh an t-imleabhar riamh.

Scaip a shaothar an stíl an Nua-Chlasaicis fada fairsing i Sasana agus ar an mór-roinn. Is trí na iliomad greanadóireachtaí dá shaothar a rinneadh is mó a d'imir sé an tionchar seo. Bailitheoir de dhéantáin sa stíl a bhí ann féin chomh maith. Fuair Adam bás thall i Londain. Lean a mhac Sidney sa ghairm céanna leis mar phéintéir.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint