about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bunsraith

click to view fullsize

An dromchla ar a ndéantar pictiúr nó líníocht nó maisiúchán a phéinteáil. I bpéintéireacht oladhatha ciallaíonn sé cineál de bhunchóta nó fo-chóta i dton cothrom. Baintear feidhm as oladhath bán nó geasó go minic. Cuirtear roinnt chiseal de oladhath nó geasó ar an dromchla sula cuirtear an phéint.

Is ionann bunsraith súiteach agus bunsraith nach mbíonn ola ann, fágann sin go súnn an bhunsraith an ola ón oladhath agus éiríonn seo neamhlonrach dá bharr agus triomaíonn go tapaidh. Taobh istigh de phictiúr is ionann an bhunsraith agus fo-chúlra.

Sna healaíona maisiúcháin is ionann an bhunsraith agus an bunábhar ar a gcuirtear an maisiúchán, m.sh i gcriadóireacht tagraíonn sé do chorp criaga an déantáin ar a gcuirtear an maisiúchán. Sa chruanadóireacht cuirtear an cruan ar bhunsraith miotail.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint