about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Burgess, James Howard

click to view fullsize



James Howard Burgess (c.1817-90)

Péintéir tírdhreacha agus ainmhithe, radharcanna de chósta Aontroma go mór mór agus Abhainn an Lagáin agus maisitheoir a rinne an chuid is mó dá shaothair in uiscedhath agus i bpastail. Rinne sé turasanna thar lear agus phéinteáil tírdhreacha in Albain agus i Sasana.

Thaispeáin sé a shaothar leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1830 ar aghaidh. I dteannta Henry MacManus (c. 1810-78), Jeremiah Hodges Mulcahy (?-1889) Andrew Nicholl (1804-86) agus ealaíontóirí eile rinne sé cúig líníocht agus fiche don leabhar Ireland - Its Scenery, Character le Mr & Mrs S C Hall (1841-3 Londain) - 3 imleabhair.

Thriall sé féin leabhar dá chuid féin Illustrations of the North of Ireland, leabhar le maisiúcháin agus treoir do thurasóirí ar Chlochán an Aifir i gContae Aontroma. Marcus Ward, Béal Feirste a d’fhoilsigh sa bhliain 1853. Bhí Clochán an Aifir ag fás mar cheann scríbe do thurasóirí sa tréimhse seo agus ina dhiaidh. Chomh maith leis sin chuir James acadamh príobháideach ealaíne ar bun i mBéal Feirste rud a bhí coitianta ag an am ar fud na tíre.

Bhí cónaí ar James i Sráid Halla an Líneadaigh i mBéal Feirste ar feadh i bhfad agus tá bailiúchán anois dá shaothar i Halla an Líneadaigh féin agus ag Coimisinéirí Cuain Bhéal Feirste. Is é an pictiúr in uiscedhath Oilithrigh ag an Ardchros, Ard Bó an saothar is fearr aithne dá chuid anois.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint