about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Burke, Augustus

click to view fullsize



Augustus Joseph Nicholas Burke, (1838-91)

Rugadh Augustus Burke an péintéir tírdhreacha plein-air agus pictiúir seánra de theaghlach uasal i dTuama Chontae na Gaillimhe. Sasanach a bhí ina mháthair. Bhí postanna tábhachtacha ag baill an teaghlaigh i riarachán Shasana sa tír. Bhí a dheartháir Thomas Henry Burke ina cheann ar oifig na hÉireann de Státsheirbhís Shasana. Bhí deartháir eile Theobald Hubert Burke ina 13ú Baronet Ghlinnscne.

Bhí Augustus ar an seisiú mac a bhí ag a athair William agus léirigh sé spéis san ealaín nuair a bhí sé fós óg. Cuireadh Augustus chuig an Royal Academy School i Londain lena oiliúint. Chuir sé pictiúir óna láimh ar crochadh ag taipeántas an Royal Academy agus ag taispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1863 den chéad uair. Ghlac sé páirt sna taispeántais seo ar feadh a shaoil uile.

D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 1869. Chaith sé tamall sna blianta idir 1870 agus 1872 ag péinteáil san Ísiltír agus tamall sna blianta 1875 agus 1876 ag péinteáil sa Bhriotáin, i Pont-Aven sa chuid is mó. Thaispeánadh sé na saothair a dhéanadh sé, tírdhreacha agus pictiúir seánra de thuathánaigh de ghnáth i Londain agus i mBaile Átha Cliath.

Toghadh ina bhall den Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1871 agus bhí sé ina Ollamh le Péintéireacht san acadamh ón mbliain 1879 go dtí an bhliain 1882. Theagasc sé na péintéirí Joseph Malachy Kavanagh (1856-1918), Nathaniel Hill (1861-1934), Walter Frederick Osborne (1859-1903) ina sheal ansin.

Thugadh Augustus cuairt ar choilíneacht ealaíne Walberswick ar chósta Suffolk Shasana le linn na 1880-idí. Thaithíodh péintéirí Sasanacha mór le rá ar nós Philip Wilson Steer (1860-1942), Charles Rennie MacIntosh agus Arthur Rackham an choilíneacht. Chaith Walter Frederick Osborne seal i Walberswick ag péinteáil le Augustus a oide agus rinne sé portráid de ann atá san Royal Hibernian Academy anois.

Maraíodh deartháir Augustus .i. Thomas Henry Burke i dteannta Lord Frederick Cavendish i bPáirc an Fhionnuisce sa bhliain 1882. Ag éirí as seo chaith Augustus a phost san acadamh i dtraipisí agus bhailigh leis go Londain i dteannta bhaill eile den teaghlach. D’aistrigh sé féin ar ball don Iodáil agus lean den phéintéireacht ansin. Níor bhris sé a cheangail le hÉirinn scun scan ach sheoladh sé pictiúir chuig taispeántas an Royal Hibernian Academy. Fuair sé bás thall i gCathair Flórains.

Bhí a lán dá shaothair ar coiméad i seomraí an Royal Hibernian Academy i Sráid na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Scrios gunnaí móra Shasana agus an HMS Helga áras an acadaimh nuair a thosaigh siad ag pleancadh lár na cathrach le linn éirí amach na Cásca sa bhliain 1916 agus cailleadh an chuid is mó dá shaothair. Tharla an rud céanna do shaothair a dhalta Joseph Malachy Kavanagh (1856-1918) a bhí ag obair ar fhoireann an acadaimh ag an am.

Tá na saothair ó láimh Augustus Cailín de chuid Chonamara agus Radharc de Thaobh Tíre Chonamara sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint