about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Burton, Frederick William

click to view fullsize

Frederick William Burton, (1816-1900)

Péintéir tírdhreacha, mionphortráidí, radharcanna ón stair agus pictiúir seánra a rinne a lán an chuid is mó dá shaothar in uiscedhath.

Rugadh Frederick William Burton i gCora Finne i gCo. An Chláir. D’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath ar mhaithe le hoideachas na bpáistí sa bhliain 1826. Péintéir amaitéarach a bhí in athar Frederick William agus spreag seo é chun oiliúint a fháil san ealaín ag Scoileanna an Dublin Society áit a raibh Henry Brocas (1762-1837), péintéir cumasach tírdhreachanna in uiscedhath ina oide aige. B’uaidh a thóg sé a spéis in uiscedhath. Bhí Robert Lucius West (1774-1850) mar oide aige chomh maith.

Thosaigh sé amach sa saol ag déanamh mionphortráidí agus ba ghairid go raibh rath air. Bhí an pictiúr Abraham ar a bhealach chun íobairt a dhéanamh d’ Isaac, i dtaispeántas an Acadamh Ibeirneach aige sa bhliain 1830 - an chéad uair a bhí sé páirteach sa taispeántas sin. D’éirigh Burton mór le Samuel Lover (1797-1868), an t-ealaíontóir, úrscéalaí, cumadóir agus ceoltóir agus le George Petrie (1790-1866) ina dhiaidh sin. Tháinig sé go mór faoi anáil Petrie agus rinne turas ina chuideachta ar fud an Iarthair. Mar chuid den turas sin thug an bheirt cuairt ar na hOileáin Árainn.

Rinne Burton go leor sceitsí le linn dó a bheith ionntu agus bhain feidhm astu chun a phictiúir Leanbh Báite an Iascaire as Árainn (1841. Gailearaí Náisiúnta) agus An Cailín Dall ag an Tobar Bheannaithe (1840) a phéinteáil. Mhúscail Petrie spéis ann i gcúis na hÉireann agus dhear sé an tulmhaisiú don leabhar The Spirit of the Nation. Ba bhailiúchán é seo d’altanna ó nuachtán an Nation a bhí curtha in eagar ag Thomas Davis.

Chabhraigh Burton le Petrie i ndéanamh sceitseanna de láithreáin seandálaíochta agus toghadh mar bhall den Royal Irish Academy é mar aitheantas ar seo. Ón mbliain 1842 ar aghaidh chuir Burton pictiúir anonn chuig taispeántas an Royal Academy i Londain. Toghadh mar bhall é sa bhliain 1856 den Royal Society of Painters in Watercolours.

D’imigh Burton ansin don Ghearmáin sa bhliain 1851 agus chuir faoi i gCathair Munchen. D’fhan sé sa Ghearmáin go dtí an bhliain 1858 agus chaith a thréimhse ann ag déanamh staidéar ar na seanmháistrí. Chuaigh Burton chun cónaithe i Londain tar éis dó an Ghearmáin a fhágáil agus lean ar aghaidh de bheith ag staidéar.

Baineann an pictiúir is cáiliúla dá chuid leis an tréimhse seo; Faoi dhéin a Chéile ar Staighre an Túirín (1864, Gailearaí Náisiúnta). Thaispeán sé phortráid clúiteach George Eliot (National Portrait Gallery ag an acadamh sa bhliain 1867.) Ceapadh Burton sa bhliain 1874 mar stiúrthóir ar an National Gallery i Londain agus d’fhan sa phost sin go dtí an bhliain 1894.

Rinne Burton leas an Ghailearaí sin leis an sé chéad saothar a cheannaigh sé dó mar stiúrthór, saothair de chuid ealaíontóirí tábhachtacha ar nós Leonardo da Vinci (1452-1519), Raphael (1483-1520), Piero della Francesca (1410/20-92) agus Jan Vermeer (1632-75) ina measc. Bronnadh ridireacht air sa bhliain 1884. Ba bheag pictiúr a rinne ina thréimhse mar stiúrthóir seo seachas roinnt portráidí.

Fuair Frederick William Burton bás thall i Kensington.

An Pictiúr: Faoi dhéin a Chéile ar Staighre an Túirín (1864, Gailearaí Náisiúnta)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint