about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Butler, Mildred Anne

click to view fullsize



Mildred Anne Butler, (1858­1941)

Péintéir a shamhlaítear le pictiúir in uiscedhath de ghairdíní bláthanna, tírdhreacha agus pictiúir de phréacháin go mór mór. Rugadh i gCill Mhuire í gar do Bhaile Mhic Andáin, Co.Chill Chainnigh. Fuair Mildred teach a muintire i gCill Mhuire le huacht agus ba bhreá léi bheith ag péinteáil na ngairdíní ansin.

Ba mhór ag Mildred Anne agus Rose Barton (1856-1929) a chéile agus snadhmadh caradas buan eatarthu. D’imigh an bheirt acu chun na Fraince le chéile agus rinne staidéar faoi mhaoirseacht Henri Gervex (1852-1929) an péintéir acadúlach. Rinne an bheirt an rud céanna faoi mhaoirseacht Paul Jacob Naftel (1817-91) i Sasana.

D’imigh an tuiscint a bhí ag an Uasal Naftel ar uiscedhathanna go mór i bhfeidhm ar Mildred agus chloígh sí leo feasta. Thaispeáin sí leis Water Colour Society of Ireland sa bhliain 1890 agus leis an Belfast Art Society nuair a thosaigh sin. Is beag baint a bhí aici le taispeántas an Royal Hibernian Academy cé gur ghlac sí páirt i roinnt taispeántais.

Chaith sí samhraidh na mblianta 1894 agus 1895 i Newlyn ag péinteáil faoi mhaoirseacht Norman Garstin (1847-1926) ansin. Rinne Mildred a lán pictiúir iontacha beoga de phréacháin ón am seo ar aghaidh agus bhain aitheantas amach di féin sa seánra seo. Taispeánadh a saothar leis an Royal Academy i Londain idir na blianta 1889 agus 1902. Rinneadh fo-bhall den Royal Society of Painters in Water Colours di sa bhliain 1896.

Thaispeáin Mildred a saothar sa New Dudley Gallery i gcomhthaispeántas i Londain sa bhliain 1907. Bhí na péintéirí Claude Hayes, (1852-1922), Percy French (1854-1920) agus William Bingham McGuinness (1849-1928) mar chuid de chomh maith. Rinneadh acadúlach den Ulster Academy of Arts di sa bhliain 1930 nuair a bunaíodh sin. Rinneadh an acadamh sin den Belfast Art Society. Ghlacadh sí páirt i dtaispeántas bliantúil an acadaimh ina dhiaidh sin. Rinneadh an acadamh sin den Belfast Art Society. Toghadh ina ball den Royal Society of Painters in Water Colours í sa bhliain 1937.

Fuair sí bás ina teach i gCill Mhuirí.

An Pictiúr: Gleann Charrthaigh, Contae Chiarraí, Mildred Anne Butler

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint