about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Butts, John

click to view fullsize



John Butts, (c.1728-64)

Péintéir tírdhreacha, a mhaireann beagán radharcanna d'aibhneacha agus de choillte d'ardchaighdeán óna láimh. Níl mórán sonraí ar eolas faoina shaol ar an drochuair.

Rugadh i gCorcaigh é agus oileadh san ealaín é ag péintéir ar a raibh an sloinne Rogers. Ní fios cé hé an péintéir áirithe seo.

Chaith John tús a ghníomhréime i gCorcaigh ag péinteáil agus d'oil roinnt ealaíontóirí ar nós James Barry (1741-1806) agus Nathaniel Grogan (c. 1740-1807). Bhíodh meas mór ag na daltaí seo ar a chumas sa phéintéireacht. Is cosúil gur alcóileach a bhí ann ar an drochuair agus d'imigh sé go Baile Átha Cliath. Tá a fhios gur phéinteáil sé radharcra don stáitse ansin agus go mb'fhéidir go raibh sé ag brionnú phictiúir ealaíontóirí eile, rud a thugann leideanna áirithe le fios. Ní féidir ach beagán dá shaothar a aithint inniu.

Maireann féinphortráid (1790) a rinne sé agus saoithiúil go leor tá sé ar an féinphortráid is sine san National Self Portrait Collection i Luimneach.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint