about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cadavre exquis

click to view fullsize



Teicníocht péinteála sna Míndána a chleacht moidíní an Osréalachais go mór mór. Is modh déanta ceapacháin é ina nglacann áireamh d’ealaíontóirí páirt ann.

Tá an teicníocht bunaithe ar chluiche pharlúis a bhí coitianta sa Fhrainc tráth agus in áiteanna eile chomh maith. Sa chluiche pharlúis seo scríobhann gach duine focal nó frása ar bhilleog fhillte páipéir. Filleann gach duine an bhilleog arís ionas go mbíonn a fhocal féin clúdaithe nó leathchlúdaithe agus déanann an chéad duine eile an rud céanna. Osclaítear an bhilleog ansin agus léitear an abairt ró ráiteas a bhíonn scríofa. De réir teoiriceoirí áirithe bheadh an abairt seo ag léiriú pearsantacht fho-chomhfhiosach an ghrúpa.

Tagann an téarma féin ó abairt cháiliúil áirithe a cuireadh le chéile ar an mbealach seo nuair a bhí André Breton (1896-1966), a bhean chéile Simone, Max Morise agus Jacques Prévert á imirt - Le cadavre exquis boira le vin nouveau – Ólfaidh an corpán álainn an fíon nua.

Chuir moidíní an Osréalachais an chluiche seo i bhfeidhm ar mhodh pictiúrtha chun teacht ar an bhfo-chomhfhiosacht agus meastar na torthaí a tháinig as ar na saothair is suimiúla dá gcuid.

Thosaigh triallacha na nOsréalaithe leis an cadavre exquis i bPáras le linn na 1920-idí. Bailíodh na triallacha seo le chéile agus i nDeireadh Fómhair 1927 foilsíodh na cinn is suimiúla in eagrán 9-10 d’iris an Osréalachais, La Révolution surréaliste. Bíonn meas ar Leith ar na saothair ó láimh Yves Tanguy (1900-55), Max Morise (1900-1973), Joan Miró (1893-1983) agus ó láimh Man Ray (1890-1976).

Catagóir: Ealaíona na Nua-aoise

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint