about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Caduceus

click to view fullsize



Slat siombalach a mbíonn dhá sciathán ar a cheann agus dhá nathair ag sní timpeall air. Is é caduceus an leagan Laidine de kerykeion na Gréigise. Ba shamhailchomhartha Heirméas teachtaire na ndéithe i miotaseolaíocht na Gréige é. D’iompraíodh araltaigh agus teachtairí na nGréagach an Caduceus mar suaitheantas oifige agus mar chomhartha sláine.

Instear gur thug an dia Apalló an tslat do Heirméas mar mhalairt ar an ngléas ceoil, an lir.

Samhlaíodh an Caduceus leis an dia Mearcair i miotaseolaíocht na Róimhe chomh maith.

Bhíodh slat ag Asclepius dia Gréagach na míochaine ar a mbíodh aon nathair amháin. Meascadh suas slat Heirméis agus slat Asclepius agus thugtaí an Caduceus air chomh maith. Glactar le slat Asclepius le nathair amháin ar fud na cruinne anois mar shamhailchomhartha coiteann ar ghairm na dochtúireachta agus tríd an mearbhall léirítear é go minic mar shlat Heirméas.

An Pictiúr: Caduceus Heirméis

Catagóir: An Ealaín Chlasaiceach

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint