about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Caipiteal

click to view fullsize

An ball mullaigh den cholún nó den phiara ar a bhfuil an taibhléadan nó stua ina luí. Tagann an téarma ón Laidin capitellum a chiallaíonn 'ceann beag'.

Bíonn leac cearnógach, an abacas, ar mhullach an chaipitil agus ceann de na feidhmeanna a bhíonn ag an gcaipiteal nó an cruth cearnógach sin a athrú go cruth cruinn an cholúin. Tá an caipteal tábhachtach ó thaobh an struchtúir de sa mhéid is go leathnaíonn sé ceann an cholúin amach ionas gur fearr a bhíonn sé in ann an meáchan a bhíonn anuas air a iompar.

Luíonn an tsúil ar na caipitil go nádúrtha nó tuigtear di go bhfuil an strus ansin. Dá bhrí sin tugtar aird ar leith ar a mhaisiú. Sna hoird chlasaiceach bíonn a caipiteal féin ag gach ord ach san ailtireacht Bhiosántach agus sa Rómhánúlachas tugadh scód do shamhlaíochta an tsnoíodóra i maisiú na gcaipiteal de réir a dtoil féin.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint