about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

California, Meirindiaigh

click to view fullsize



Meirindiaigh California agus an Ceantar Idirshléibhtiúil

Cultúrlimistéar Meiriandiach a chuimsíonn stáit California, Nevada agus Utah i SAM. Cultúr fáiteallaithe, iascairí agus sealgairí a bhí ann agus mhair na daoine i sráidbhailte agus bhí struchtúir sóisialta simplí acu. Bhí seo amhlaidh toisc go raibh éadáil na talún agus na farraige chomh saibhir sin. Leagadh síos a slí bheatha thart ar 8,000 R.Ch. agus níor athraigh sé mórán go dtí timpeall na bliana 1850 A.D.

Caoladóirí tréitheacha bhí iontu agus ní dócha gur sáraíodh a gciseán riamh. Tá sé den seanchas go raibh a gcaoladóireacht chomh maith sin go raibh siad in ann uisce a iompar i gcliabháin. Bhain siad feidhm as sliogáin mar airgead reatha. Bhí an t-aerbhráid chomh meirbh sin gur ar éigin a raibh gá le baill éadaigh ar bith. Ar na ciníocha a bhain leis an limistéar seo bhí na Chumash, Paiute, Ute, Shoshone, Klamath, Modoc, Yurok, Pomo, Maidu, Miwok, Patwin, Wintun agus na Diegueño.

Catagóir: Cultúir Meirindiacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint