about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Calotype

click to view fullsize



An chéad phróiseas fótagrafaíochta chun feidhm a bhaint as an bpróiseas claonchló-dearbhchló. D’fhionnaigh an Sasanach William Henry Fox Talbot (1800-70) an próiseas chomh luath leis an mbliain 1834 nuair a chéadcheap sé páipéar saillte nó páipéar fótagrafaíochta mar a tugadh air.

Bhí na chéad grianghrafanna a rinneadh leis an bpróiseas fann go leor agus rinne sé turgnaimh go dtí go bhfuair sé bealach lena láidriú. Sheol sé a phróiseas feabhsaithe sa bhliain 1840 nuair a bhí seo fionnaithe aige. Bhí a phróiseas nua i bhfad níos tapúla ná na próisis eile ach de dheasca caighdeán an pháipéir ag an am ní raibh na torthaí chomh cruinn le próisis eile.

Bhuaigh an próiseas seo ag an deireadh de bharr na mbuntáistí a bhí ag baint leis agus le feabhsú na n-amhábhar. Bhí an próiseas simplí, d’fhéadfaí na grianghrafanna a réalú níos déanaí agus d’fhéadfaí áireamh de dhearbhchlónna a dhéanamh d’aon chlaonchló amháin. Tugadh an Talbotype ar an bpróiseas chomh maith.

An Pictiúr: Calotype luath a rinne William Fox Talbot d'fhuinneog ina theach féin.

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint