about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Calvert, Frederick

click to view fullsize



Frederick Calvert, (1793-1853)

Greanadóir agus péintéir muirdhreacha in uiscedhath agus in oladhath. Rugadh Frederick i gCorcaigh cé nach bhfuil bliain a bhreithe cinnte. Níl a fhios cá bhfuair sé a oiliúint sna healaíona. Rud amháin atá cinnte is ea go maireann uisceimir dá chuid ón mbliain 1807 agus radharc de Dhroichead na Pairliminte i gCorcaigh atá ann. Ó thaobh na péintéireachta de tírdhreacha is mó chleacht sé i dtús a ghníomhréime.

Thaispeáin sé radharcanna de taobh tuaithe Bhaile Átha Cliath leis an Society of Artists i mBale Átha Cliath den chéad uair sa bhliain 1912 agus leis Hibernian Society sa chathair ina dhiaidh sin.

D’imigh sé anonn go Sasana am éigin tar éis na bliana 1815. Thriall sé greanadóireachtaí agus an fhoilsitheoireacht i Sasana i dtosach. D’fhoilsigh sé sraith de cheithre radharcanna de Tintern Abbey (1815) agus leabhar teagaisc Lessons on Landscape Colouring, Shadowing and Penciling. Thriall sé liteagrafanna agus d’fhoilsigh The Forest Illustrated sa bhliain 1822. Tháinig Picturesque Views of Staffordshire and Shropshire sa bhliain 1830.

Bhí stiúideo aige i Londain sa bhliain 1827 agus thaispeáineadh sé radharcanna topagrafaíochta ón stiúideo agus leis an British Institution agus an Royal Society of British Artists. Dhéanadh sé léaráidí chomh maith d’irisí léannta.

Thosaigh sé ag cruthú muirdhreacha agus radharcanna de bháid sa bhliain 1833 in ionad na tírdhreacha a chleacht sé go dtí sin agus is leo is mó a shamhlítear anois é. Farraigí arda ar chóstaí Shasana agus corrcheann de chósta na Fraince is mó a chleacht sé. Rinne sé an chuid is mó acu i bhformáidí beaga. Ceapacháin drámatúla a bhíonn iontu le codarsnachtaí láidre de sholas agus scáth faoi spéartha scamallacha. Níor bhris Frederick a cheangail le hÉirinn agus thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1834. Fuair sé bás thall i Suffolk.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint