about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Camera Lucida

click to view fullsize

Ainmníodh an camera lucida ón camera obscura ach ní seomra nó camera é ar chor ar bith. Is gléas optach é an camera lucida atá bunaithe ar an bpriosma ceatharthaobhach agus ar scátháin a chuidíonn le healaíontóirí macasamhail cruinn a dhéanamh den chuspa a bhíonn os a gcomhair. Bíonn an priosma fosaithe ar bharr seastán inchoigeartaithe.

Cheap an Sasanach Dr. William Hyde Wollston an gléas sa bhliain 1807 agus chuir daoine eile feabhas air. Is féidir feidhm a bhaint as i solas an lae. Féachann an t-ealaíontóir tríd an bpriosma agus feiceann sé an cuspa roimhe ina samhail lag agus an bhilleog ar an mbord roimhe mar aon íomhá amháin ionas gur féidir leis an cuspa a rianú ar an mbilleog. Is féidir léiriú do-chreidite cruinn den chuspa a dhéanamh leis ach fós féin bíonn cleachtadh agus scil ag teastáil chuige.

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint