about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Camera Obscura

click to view fullsize



Camera ObscuraCamera Ottica

Nath Laidine a chiallaíonn seomra dorcha. Tugtar an chreidiúint don réalteolaí Gearmáineach Johannes Kepler as an téarma a cheapadh.

Tagraíonn camera obscura do ghléas meicniúil a cuireadh le chéile sa séú céad déag cé go raibh na prionsabail ar a raibh sé bunaithe ar eolas ón Ársaíocht anall. Bhí siad ar eolas sa tSin chomh maith agus déantar cur síos orthu i dtráchtais on gcúigiú céad A.D.

Baineadh feidhm as an camera obscura mar aicearra chun macasamhail cruinn de radharc tríthoiseach ar nós cathairdhreach a chaitheamh ar pháipéar nó ar chanbhás. Bhí an péintéir in ann pictiúr nó líníocht a dhéanamh ón samhail caite ansin.

Bosca, seomra nó spás dorcha le poll i dtaobh amháin a bhí ann. Tagann an solas isteach trí lionsaí a bhí sa pholl agus bíonn an samhail caite bun os cionn. Frichaitear an samhail seo le scáthán an bealach ceart suas ar bhilleog pháipéir nó canbhás ionas gurbh fhéidir leis an ealaíontóir é a chóipeáil go furasta. Bhí sé ag feidhmiú díreach de réir phrionsabail an cheamara. Bhíodh na camera obscura
Is iad na péintéirí Canaletto (1697- 1768) agus Jan Vermeer (1632-75) is minice a luaitear leis anois.

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint