about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Campbell, George

click to view fullsize



George Campbell, (1917-79)

Péintéir tírdhreacha, neamhbheonna agus radharcanna le fíortha agus maisitheoir leabhar a chaith cúig bhliana agus fiche dá shaol a bheag nó a mhór ag tabhairt cuairteanna fada ar an Spáinn. Samhlaítear a shaothar i gcoitinne le cóireáil Eispriseanach péinte.

Rugadh George Campbell ar an Inbhear Mór agus b’í an péintéir Gretta Bowen a mháthair. Bhí a dheartháir Arthur Campbell (1909-94) ina phéintéir agus grianghrafadóir chomh maith agus rinne an bheirt deartháir roinnt tionscnaimh foilsitheoireachta le chéile.

D’aistrigh a theaghlach ón Inbhear Mór go i mBéal Feirste nuair a bhí sé ina pháiste. Cuireadh oideachas ar George i mBaile Átha Cliath cúpla bliain tar éis bháis a athar agus d’fhill sé ar Bhéal Feirste tar éis sin.

Rinne sé turas rothaíochta in éineacht lena chara an péintéir Gerard Dillon (1916-71) ó Bhéal Feirste thart ar Chonamara sa bhliain 1939 a bhí thar a bheith spreaguil dó agus dá chara. Thug George faoin bpéintéireacht i ndairíre sa bhliain 1941 nuair a bhí sé lonnaithe i mBéal Feirste cé nach ach beagán oiliúna aige.

Bhí baint aige leis agus thaispeáin sí leis an Exhibition of Living Art, buíon taispeántais forásach a cuireadh ar bun sa bhliain 1943. Bhí sé páirteach i ndá thaispeántas i mBéal Feirste sa bhliain 1944, ceann amháin acu in éineacht lena dheartháir Arthur agus ceann eile in éineacht le Gerard Dillon. Bhí sé mór leis na péintéirí Colin Middleton (1910-83), George Campbell (1917-79) agus Daniel O'Neill (1920-74) agus d'fheidmigh siad mar ghrúpa Ultach geall leis cé nach raibh aon aontas stílíochta eatarthu.

Chuaigh George chun cónaí i gCoinleic, sráidbhaile gar do Bheannchar i gContae an Dúin. Bhí ainm coilíneacht ealaíne air i dtús na 1950-idí agus bhí cónaí ar Gerard Dillon agus Daniel O'Neill ann chomh maith ag an am. Thaispeáin George leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair riamh sa bhliain 1947. Lean sé de nós seo ar feadh an chuid is mó dá shaoil. Ní raibh a shaothar teoranta don phéintéireacht amháin dhear sé fuinneoga ghloine ar son Ardeaglais na Gaillmhe chomh maith.

Toghadh George ina bhall den Watercolour Society of Ireland sa bhliain 1954, an bhliain chéanna a toghadh ina fho-bhall den Royal Hibernian Academy é. Toghadh ina bhall den acadamh é sa bhliain 1964 agus bhíodh páirteach ina lán taispeántas dá chuid. Bhí a shaothar i dtaispeántas in éineacht le Gerard Dillon agus Daniel O’Neill sa bhliain 1948.

Thug George cuairt ar an Spáinn sa bhliain 1951 agus bhí gafa leis an tír sin feasta. Chaith sé tréimhsí fada inti ina dhiaidh sin agus thug turasanna go minic uirthi. Thréithrigh piceadóirí, ceoltóirí, saol na sráide ann a shaothar ón tréimhse seo. Thaispeáin sé na saothair seo i Madrid agus i mBaile Átha Cliath. Bhí taispeántais aige i gCeanada, in Gibraltar, san Ísiltír agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith. Ghlacadh sé páirt i dtaispeántas an Oireachtais agus bhuaigh duaiseanna dhá uair, ceann acu ar pictiúr staire sa bhliain 1966 agus ceann eile ar thírdhreach sa bhliain 1969.

Rinne sé na maisiúcháin don leabhar Guide to the National Monuments of Ireland a foilsíodh sa bhliain 1970. Ealaíontóir ainmnithe le gloine dhaite a bhí ann chomh maith agus tá eiseamláirí dá fhuinneoga i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath, in Átha Í agus i nGaillimh. Bhí a ainm in airde gach áit lena linn agus bhí aithne air mar chraoltóir agus mar scríbhneoir chomh maith. Bhronn Rialtas na Spáinne céim ridireachta air sa bhliain 1977. Fuair George bás i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint