about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Campbell, John Henry

click to view fullsize



John Henry Campbell (1757-1828)

Péintéir tírdhreacha in uiscedhath agus in oladhath, a lán acu i bhformáidí beaga. Rugadh John Henry Campbell i Hereford Sasana ach tháinig sé anall lena thuismitheoirí nuair a bhí sé fós ina pháiste agus bhí ina chónaí i mBaile Átha Cliath.

D’fhreastail sé ar scoil an Dublin Society sa chathair agus chuaigh i mbun gnó ina dhiaidh sin mar phéintéir tírdhreacha agus corrphortráid chomh maith. Thaispeáin sé shaothar le cumainn éagsúla na n-ealaíontóir ón mbliain 1800 ar aghaidh agus leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1826 ar aghaidh. Thuill sé ioncam dó féin trí fanacht i dtithe móra timpeall na tíre agus bheith ag teagasc péintéireachta iontu.

Radharcanna ó Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhanntáin is mó a rinne sé agus phéinteáil sé i gCo an Dúin agus i gContae Fear Manach agus i gcontaetha eile chomh maith. Níl aon fhianaise óna phictiúir gur thaistil sé thar lear riamh.

Faightear blas foirmeálta ar a thírdhreacha de ghnáth agus é ag baint feidhm as gléasanna ar nós crainn ar gach taobh de thulra an phictiúir chun an cúlra a bhrú siar agus braistint na doimhneachta a chruthú.

Tá a phictiúr Radharc in aice Ros Treabhair sa Ghailearaí Náisiúnta. Péintéir tírdhreacha a bhí ina iníon Cecilia Margaret Campbell. (1791-1857) a bhí pósta leis an bpéintéir George Nairn (1799-1850).

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint