about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Capriccio

click to view fullsize

Ceapachán pictiúrtha nó ceoil beoga nach gcloíonn go docht leis na rialacha a bhaineann le foirm aitheanta ar bith.

Focal Iodálaise é a chiallaíonn “spadhar” nó “daol”. Tagraíonn an téarma go sonrach do phictiúir a léiríonn radharc ailtireachta a bhíonn samhailteach nó uaireanta meonúil, na greanadóireachtaí a rinne Piranesi (1720-78) de carceri ‘carcair’ mar shampla. Tá na radharcanna íomháineach agus ní bhíonn aon chiall struchtúrtha ag baint leis an ailtireacht a bhíonn iontu go minic.

I dtírdhreacha tagraíonn sé do shéanra phictiúr a raibh ráchairt faoi leith orthu san ochtú céad déag i gcathair Veinéis na hIodáile agus ina raibh eilimintí fírinneacha agus íomháineacha. Luaitear seo le saothar Canaletto (1697-1768) agus Giovanni Battista Tiepolo (1696-1770) mar shampla.

Is ionann capriccio agus vedutà ideata sa chás seo, codarsnacht vedutà, ar radharc fírinneach é.

An Pictiúr: Capriccio le Fothracha, Oladhath ar chanbhás, Francesco Guardi (1712-93)

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint