about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Caraitid

click to view fullsize

Dealbh shnoite de mhná grástúla le gúnaí fada go talamh a mbaintí feidhm as mar cholún (tagann an téarma ó Caryatis, bansagart de chuid Artemis in Caryae in Laconia).

Is iad na cinn atá san Erechtheum ar an Acrapail i gcathair na hAithine (c.421 R.Ch.) na cinn is mó cáil díobh uile. Baineann na heiseamláirí Gréagacha is luaithe leis an séú céad R.Ch. agus le Delphi.

Tugtar Atlas nó Telamon ar dhealbha snoite d'fhear a dhéanann an obair chéanna. Léirítear an Atlas de ghnáth i staidiúir cromtha a thaispeánann an meáchan a bhíonn á iompar acu murab ionann agus an charaitid a mbíonn staidiúir díreach grástúil orthu. Bhí ráchairt arís ar an gcaraitid sa Bharóc.

Pictiúr : an Erechteum, an Acrapail, Cathair na hAithine.

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint