about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Caravaggisti

click to view fullsize

Téarma Iodálach a thagraíonn do na péintéirí a rinne aithris ar stíl phéintéireachta Caravaggio (1573-1610), péintéir a bhí thar a bheith tábhachtach sa Bharóc Iodálach agus a d’imir tionchar ar ealaíontóirí ar fud na hEorpa ar fad. Tharla seo sa Róimh i dtosach agus bhí fuath ag Caravaggio féin dóibh. Is iad Giovanni Baglione (1566-1643), Orazio Gentileschi (1576-1639), Tomasso Salini (1575-1625), agus Bartolommeo Manfredi (1582-1622) na príomheiseamláirí de.

Aithnítear tionchar Caravaggio ar na péintéirí Georges de La Tour (1593-1652) agus Jusepe de Ribera (1591-1652) chomh maith. Ghlac siad chucu féin a chuid Theineabrachais, a shoilsiú chiaroscuro spotsholasach agus a chóiriú réalaíoch ar théamaí Clasaiceacha. Bhí buíon faoi leith Caravaggisti ag obair sa Róimh i dtús an seachtú céad déag a tháinig ón Ísiltír go mór mór. Tugtar scoil Utrecht nó Caravaggisti Utrecht orthu. Thaistil siad do Róimh ag tús an tseachtú céad déag agus tháinig faoi thionchar shaothar Caravaggio ansin. Thóg siad a thionchar ar ais ina saothar go tuaisceart na hEorpa leo agus scaip sé ansin. Bhí Hendrick Terbrugghen (1588-1629), Gerrit van Honthurst (1590-1656) Dirck van Baburen (1590-1624) agus Andries Both (c.1612-41) orthu seo.

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint