about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Carey, Joseph William

click to view fullsize



Joseph William Carey, (1859-1937)

Maisitheoir agus péintéir tírdhreacha agus muirdhreacha - in uiscedhath go mór mór. Rugadh i gCoill Bhairrlinne gar don Iúr i gContae an Dúin é agus ministéar Protastúnach a bhí ina athair. Bhí a dheartháir beag John Carey (1861-1943) ina phéintéir agus ina mhaisitheoir chomh maith.

Oileadh Joseph mar mhaisitheoir i gcomhlacht foilsitheoireachta i mBéal Feirste. Nuair a tháinig deireadh leis an gcomhlacht sin sa bhliain 1899, chuir sé féin agus a dheartháir John agus duine eile comhlacht foilsitheoireachta nua; Carey & Thomson ar bun.

Bhí Joseph an-tugtha don phéintéireacht tírdhreacha agus rinne lear mór sceitseanna. Chuir sé na spéiseanna seo ar aghaidh ina bhallraíocht den Belfast Ramblers Sketching Club agus den Belfast Art Society. Thaispeáin sé i mBaile Átha Cliath leis an Water Colour Society of Ireland chomh maith.

Is ar na trí radharc déag d’imeachtaí i stair Bhéal Feirste phéinteáil sé do Halla an Rí i mBéal Feirste is mó a bhíonn cuimhneamh air inniu áfach. Rinne sé an ceann deireannach sa sraith sa bhliain 1903. Toghadh Joseph ina acadúlach san Ulster Academy of Arts sa bhliain 1930 nuair a rinneadh den Belfast Art Society. Thaispeáin Joseph leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1915 go dtí an bhliain 1935.

Tá an chuid is mó dá shaothar i mbailúcháin i dTuaisceart Éireann.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint