about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Carver, Robert

click to view fullsize



Robert Carver (c. 1730-91)

Péintéir tábhachtach tírdhreacha agus radharcra i stíl an Phictiúrachais. An péintéir tírdhreacha is fearr in Éirinn lena linn dar lena lán criticeoirí.

Bhí an phéintéireacht sa dhúchas aige nó péintéir tírdhreacha a bhí ina athair Richard Carver a rugadh i bPort Láirge. Rugadh Robert féin i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chéadoiliúint sna healaíona i stiuideo a athar. Oileadh é ina dhiaidh sin i scoileanna an Dublin Society, áit a raibh Robert West ina oide aige.

Fostaíodh é sa bhliain 1754 mar phéintéir radharcra in Amharclann Smock Alley agus in Amharclann Crow Street i mBaile Átha Cliath ar ball. Chuir sé tírdhreacha i gcrích ag an am céanna. Tugadh cuireadh dó bheith ag obair don Garrick Theatry i Drury Lane i Londain agus d'imigh sé anonn sa bhliain 1769 chun bheith ina phéintéir radharcra ann. Thuill a phéintéireacht aghaidh an phobail thall agus d’fhan Robert ina chónaí i Londain cé go ndearna sé turasanna anall agus i Sasana. Bhí an Tiarna Altamont ó Chathair na Mart ina phátrún aige. Nuairt a bhí an péintéir George Mullins (c. 1740-75) ó Bhaile Átha Cliath i Londain sa bhliain 1770 d'fhan sé i dteach Robert.

Ba ghnách le péintéirí in aois na Gluaiseachta Pictiúrtha turasanna a dhéanamh le chéile. Rinne Robert turas chuig Westmorland agus Cumberland sa bhliain 1783 in éineacht leis an bpéintéir Francach Philip James de De Loutherbourg (1740-1812) a bhí ag obair i Sasana ag an am. Bhí baint mhór ag Robert leis an Free Society of Artists, cumann a mhair ón mbliain 1761 go dtí an bhliain 1783. Bhí an cumann seo in iomaíocht leis an Royal Academy agus ghéill an fód dó ag an deireadh. Thosaigh Robert ag taispeáint leis an Free Society of Artists sa bhliain 1765 den chéad uair nuair a bhí sé fós lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bhí baint níos mó aige leis nuair a bhí sé ina chónaí i Londain. Toghadh ina bhall é sa bhliain 1773 agus ceapadh ina uachtarán air sa bhliain 1777. Bhí pictiúir ar crochadh aige i dtaispeántas an Royal Academy den chéad uair sa bhliain 1798.

Fuair Robert bás den Niúmóin ina theach féin i Londain. Tá pictiúr amháin óna láimh sa Ghailearaí Náisúnta Tírdhreach le Tuathánaigh agus Madraí.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint