about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cassidy, John

click to view fullsize



John Cassidy, (1860-1939)

Dealbhóir bisiúil rathúil agus péintéir chomh maith a chaith a ghairméim ar fad beagnach thall i Manchuin Shasana. Is i ngeall ar seo nach mbíonn mórán aithne air ina thír dhúchais.

Rugadh John Cassidy i Sláine i gContae na Mí. Chuaigh sé ag obair mar phrintíseach i dteach tábhairne i nDroichead Átha ar dtús. Bhí a spéis san ealaín soiléir do chách nó chaith sé an chuid is mó dá chuid am saor ag líniú agus ag péinteáil.

D’imigh sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 1880. Neartaigh sé a scileanna san ealaín ansin trí freastail ar ranganna oíche sa Dublin Metropolitan School of Art. Níl na sonraí cinnte ach b’fhéidir gur ghnóthaigh sé scoláireacht agus gur thaistil sé chuig Milano na hIodáile nó chuig Páras na Fraince chun tuilleadh staidéir a dhéanamh. Chuaigh sé ar an mbád bán iar sin agus lonnaigh i gCathair Manchuin i Sasana agus is ann a chónaigh sé an chuid eile dá shaol.

Rinne sé tuilleadh staidéir arís sa Manchester College of Art thall. Bhí éileamh air mar dhealbhóir cuimhneacháin poiblí agus cogaidh i gCathair Manchuin go mór mór agus i Sasana i gcoitinne. Thaispeáin sé leis an Royal Academy, agus an Manchester City Art Gallery thall. I measc na ndealbha a rinne sé i Manchuin bhí iad siúd atá sa John Rylands Library, Diagacht ag tabhairt inspioráid don Eolaíocht agus don Ealaín agus dealbh de John Rylands agus dealbh eile dá bhean. Tá dealbh amháin a shnoigh sé i mBéal feirste agus b’in dealbh de Victoria Bhanríon Shasana.

Ghlacadh John páirt i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy go minic chomh maith. Fuair John bás thall i Manchuin agus tá sé adhlactha ansin.

An Pictiúr: An Bhanríon Victoria, Béal Feirste, John Cassidy

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint