about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cassone

click to view fullsize

Focal Iodáilise a chiallaíonn bosca, ciste nó cófra. Ba chuid phraicticiúil iad de throscán an teaghlaigh Iodálaigh san Renaissance anuas go dtí an Bharóc.

Sa chúigiú agus sa séú céad déag baineadh feidhm as na cistí nó cassone seo mar chistí pósta ina gcuirtí línéadach na mná céile agus bhíodh maisiú saibhir orthu. Tugadh mar phéirí iad go minic agus bhíodh ionad tábhachtach acu sa teach. Uaireanta bhídís ar an mball troscán is céimiúla sa teach agus ina gcomhartha ar stádas an teaghlaigh. Choimeádtaí timpeall na leapan iad go minic.

Painéalphéintéireacht a bhíodh tútach go maith uaireanta ag brath ar shaibhreas an teaghlaigh, is mó a bhíodh orthu. Is minic a bhíonn iontlaise iontu nó painéil snoite. Rinne máistrí aitheanta pictiúir ar chuid acu agus baineadh iad de na cassoni agus bíonn meas saothair seanmháistrí orthu anois. Tugtar painéal cassone orthu sa chás sin ach tá sé deacair iad a idirdhealú ó na painéalphictiúir a bhíodh mar chuid de leabaí. Bíonn a leithead níos mó faoina trí nó a ceathair ná a airde.

Amhairc mhiotaseolaíochta ag déanamh cur síos ar théamaí a bhain leis an ngrá nó leis an bpósadh is mó a bhíodh mar théama iontu. Seasann mar shampla mná ar mhuin capall i mbun seilge do seilg an ghrá agus fíortha thart ar scairdeán do scairdeán an ghrá.

Catagóir: Téamaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint