about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ceantar Imeallach, Meirindiaigh an

click to view fullsize



Meirindiaigh an Cheantair Imeallaigh

Cultúrlimistéar Meirindiach i Meiriceá Theas a shíneann ó thuaisceart na hAirgtiníne, na Sile agus Uruguay ó dheas go Tierra del Fuego. Is cosúil gur bhain daoine an chuid is faide ó dheas de Dheisceart Mheiriceá amach c. 7000 R.Ch. agus nár athraigh a slite maireachtála mórán ó shin. Mharaigh galair a tháinig leis na hEorpaigh a chuid is mó de dhaoine dúchasacha an cheantair ionas gur fíorbheagán daoine atá fágtha anois ann.

Fáiteallaithe agus iascaireacht an tslí bheatha is mó a cleachtadh ann. Maireann na Ona, Yahgan, agus Alacaluf ar Chaolas Magellan agus bíonn siad beo ar éadáil na farraige. Fánaithe a bhíonn iontu a mbíonn wigwam mar dhídean acu agus d’ainneoin an aerbhráid fhuar ní chaitheann siad mórán éadaigh.

Níos faide ó thuaidh arís tá na Tehuelche ag maireachtáil ar na machairí nó pampas. Fearacht Meirindiagh na machairí i dTuaisceart Mheiriceá d’athraigh a shaol nuair a bhfuair siad capaill ó na Spáinnigh sa bhliain 1555 A.D. Déanann siad an guanaco a sheilg ó dhroim capaill agus is é an teepee a fhóireann mar dhídean dóibh.

I bhfíorthuaisceart an cheantair cleachtaíonn ciní ar nós na Mapuche sa tSile slite maireachtála díorthaithe ó sibhialtachtaí na nAindéis ag brath ar arbhar indiach agus prátaí agus ainmhithe agus éanlaithe clóis na hEorpa.

Catagóir: Ealaíona agus Sibhialtachtaí Meirindiacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint