about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ceap Iartharach

click to view fullsize

Is éard atá sa Cheap Iartharach nó an Westwerk ná struchtúr ollmhór, foirgneamh saorsheasaimh eile uaireanta, in éadan thiar na heaglaise a tháinig chun cinn mar chuid den athbheochan Chairilínseach i dtosach ach leanadh leo mar chuid den ailtireacht Ottónach agus Rómhánúlach.

Ba léiriú fisiciúil iad ar chumhacht an Impire mar chosantóir na hEaglaise. Bíonn doirse na heaglaise mar chuid de ar an talamh agus bíonn stór an talaimh boghtaithe. Bíonn roinnt stór os a chionn ina mbíonn seomraí do chúirteanna agus cruinnithe, seomraí ciste agus séipéil. Bíonn gailearaí oscailte ar an dara stór ar an taobh isteach a thugann radharc ar an bpríomhaltóir. Ba mhinic na stóranna uachtaracha curtha i leataobh do na ríthe nó don Impire. Bíonn túr amháin nó dhá thúr mar chuid den Cheap Iartharach chomh maith agus bíonn an t-iomlán níos leithne ná meánlann agus na taobhranna na heaglaise le chéile. Tógann an Ceap Iartharach ionad an nairtéacs.

Bhí na forbairtí seo san ailtireacht ag brath ar shaoir chloiche ó Lombardia na hIodáile. Is é an Ceap Iartharach a tógadh mar chuid de Mhainistir Corvey in Westfalia na Gearmáine idir na blianta 873 agus 885 A.D. an t-eiseamláir is dearscnaithí díobh uile. Is sa deichiú céad is mó a bhí ráchairt orthu agus is leithne a scaipeadh iad ach foirgnimh níos lú a bhí iontu sa tréimhse seo.

An Pictiúr: An Ceap Iarthach ar Chlochar Corvey gar do Höxter a bhaineann leis na blianta 873 agus 885 A.D.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint