about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ceardchuallacht

click to view fullsize

Cumann nó gild sna meánaoiseanna san Eoraip a bhíodh mar bhaill aige ceardaithe a raibh an cheard chéanna acu. Bhíodh cosúlachtaí áirithe idir an ceardchuallacht agus an ceardchumann nua-aoiseach. Bhídís ann chun leas na gceardaithe agus caighdeán na ceirde araon a chosaint.

Ach is féidir ardú sóisialta céime na n-ealaíontóirí san Eoraip a fheiceáil níos soiléire i mbunú na n-acadamh san ochtú céad déag. Bhí streachailt ghéar idir na ceardchuallachtaí agus na hacadaimh agus ní raibh ag éirí go ró-mhaith leis na hacadaimh san Iodáil ar aon nós go dtí gur thug an Pápa a thacaíocht dóibh. Níor bhain na healaíontóirí le ceardchuallacht na bPéintéirí níos mó mar ní raibh siad ag cuimhneamh orthu féin mar cheardaithe amháin. Chuidigh an líon mór amaitéaraigh uaisle a bhí sna hAcadaimh leis an céim suas seo.

Tugadh cairt do Guild of St. Luke in Éirinn sa bhliain 1670 agus tá an chairt san Iarsmalann Náisiúnta. Tá a fhios go raibh Garrett Morphy (fl. 1680-1716) agus James Latham (1696-1747) ina mbaill de. Oileadh Latham mar phéintéir in Antwerp na Beilge.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint