about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Celadon

click to view fullsize

Tugtar Celadon i dteangacha na hEorpa ar dhá chineál de ghréithe na Síne. Iad siúd a táirgeadh sa Ré Súng (960-1279 A.D.) i gCathair Longquan na Síne ar an gcéad dul síos. Leath a ndéantús sin ón tSín go dtí an Chóiré agus uaidh sin go dtí an tSeapáin. Gréithe cruachré nó poircealláin le glónra ar ghlaise bog na holóige orthu a bhíonn iontu ar an gcéad dul síos cé gurbh ann do raon dathanna idir ghorm, ghormghlas agus dhubhliath chomh maith.

Cuirtear glónra ina mbíonn iarann tríd ar ghréithe ag baint feidhm as amtasféar dí-ocsaídeach sa tornóg chun dath an ghlónra a fháil.

Níl baint ar bith ag an ainm féin leis an tSín nó síltear go dtáinig sé ó ainm carachtair íomháineach in Pastoral de chuid Honoré d’Urfé san octú céad déag a chaith ribíní ar ghlaise na holóige. Tugtar qingci ar ghréithe Celadon sa tSín féin. Cuireadh eolas ar ghréithe Celadon don chéad uair san Eorap sa seachtú céad déag.

Tugtar gréithe Celadon mar théarma ginearálta ar ghréithe criadóireachta a mbíonn glónra ar ghlaise bog na holóige orthu.

An Pictiúr: Vása, eiseamláir de Ghréithe Celadon

Catagóir: Criadóireacht na Síne

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint