about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chac-mool

click to view fullsize

Teachtaire diaga na ndéithe de chuid na dTolteic agus na nAstacach, sibhialtachtaí réamhcholambasacha i Meicsiceo Láir. Tagraíonn chac-mool mar théarma ginearálta d’fhíor mhór fhireann chloiche de dhia ina luí siar le mias uaireanta idir a lámha ar a bholg chun fuil na n-íobairtí a ghlacadh agus a thabhairt chun na ndéithe.

Bhí an fhoirm shnoite seo coitianta i gcultúir dhúchasacha réamhcholambasach Mheiriceá, go háirithe i measc na dTolteic i Meicsiceo (1000-1200 A.D.) agus ar aghaidh. Faightear samplaí díobh i Tula, Chichén Itsá, Costa Rica agus El Salvador. Bhíodh feidhm altóra ag an chac-mool agus cuireadh os comhair teampaill iad. Bhí tionchar ag foirm an chac-mool ar shaothar dealbhóirí áiríthe san Iarthar, Henry Moore (1898-1986) go mór mór . Tá sé coitianta ag dealbhóirí anois chac-mool a thabhairt ar fhíor ar bith ina luí ar a dhroim agus a cheann ardaithe.

An Pictiúr: An Chac-Mool in Chichen Itsá

Catagóir: Sibhialtachtaí Réamhcholambasacha Mheiriceá

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint