about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chambers, William

click to view fullsize



William Chambers, (1723-96)

Ailtire agus údar tábhachtach i Sasana ar theoiric na hailtireachta. Chleacht sé féin an Palláideachas (faoi thionchar an leagan Francach de go sonrach) agus an Nua-Ghotachas araon. Bhí áit dhearscnaitheach aige i bhforbairt stíl an chinoiserie chomh maith. Bhí sé tábhachtach in Éirinn - d’ainneoin nár leag sé cos in Éirinn riamh - trí na foirgnimh a dhear sé i mBaile Átha Cliath agus trí thionchar a dhaltaí, an t-ailtire James Gandon (1743-1824) go mór mór.

Trádálaí de bhunadh na hAlban a bhí lonnaithe sa tSualainn a bhí in athair William Chambers. Rugadh William in Göteborg na Sualainne ach d’aistrigh an teaghlach chuig Ripon i Sasana nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois. Fuair sé fostaíocht sa bhliain 1739 le Comhlacht Sualannach na nIndiacha Thoir agus rinne roinnt turasanna don India agus don tSín. Thapaigh sé an deis ar na turasanna seo chun líníochtaí d’fhoirgnimh agus de ghairdíní a dhéanamh. D’éirigh sé as a phost sa bhliain 1741 tar éis bhliain a bheith istigh aige agus thiontaigh ar an ailtireacht.

Rinne sé staidéar fada san Iodáil, áit ar tháinig sé faoi thionchar shaothar Andrea Palladio (1508-80) agus i bPáras ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1755 nuair a thug sé a aghaidh ar Shasana. D’oscail sé oifigí i Londain agus bhain cáil amach dó féin mar ailtire forásach den Stíl Nua-Chlasaiceach. I measc na bhfoirgneamh táscmhara agus gairdíní a dhear sé bhí Castle Hill in Dorset (1760), Melbourne-House in London (1770-74), Somerset-House in Londain (1776-86) agus Gáirdíní Kew (1757-62). Údar a bhí ann chomh maith agus mhéadaigh seo ar a thionchar.

Scríobh sé an leabhar Designs of Chinese buildings…, (Londain 1757), A treatise on civil architecture…, (Londain 1759), Plans, Elevations, Sections and Perspective Views of the Gardens and Buildings at Kew in Surrey (Londain 1763) agus A Dissertation on Oriental Gardening. (Londain 1772).

Fuair sé roinnt coimisiúin in Éirinn agus a dhear sé óna oifigí i Londain. Dhear sé an Casino i Marino (1758-76), Baile Átha Cliath agus Teach Charlemont (1763-75) don Iarla Charlemont agus an Halla Scrúdaithe do Choláiste na Tríonóide (1775), Baile Átha Cliath. Ceapadh mar ailtire don Rí George III é agus sa bhliain 1782 mar Suirbhéir Ginearálta. Tá sé curtha in Westminster Abbey.

An Pictiúr: An Casino i Marino, Baile Átha Cliath

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint