about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chauvet, Uaimh

click to view fullsize



Uaimh Chauvet

D’fhionnaigh triúir taiscealaithe uaimhe, Jean-Marie Chauvet, Éliette Brunel Deschamps agus Christian Hillaire uaimh nua taobh thiar de roinnt spallaí cloiche ar an 18ú Nollag 1994 i ngleann an Ardéche in Oirdheisceart na Fraince. Uaimh mhór a bhí ann a théann 400 m siar isteach san aill le seomraí ollmhóra.

An rud is iontaí faoin uaimh áfach is ea go bhfuil os cionn 300 pictiúir ar na ballaí, na samplaí is tábhachtaí a fionnaíodh den phéintéireacht uaimhe le tamall fada. Pictiúir de mamait, mathúin uaimhe, leoin agus srónbheannaigh is mó atá mar théama iontu agus faightear fianna, ibigh, ba fiáine, muscdhamhanna, pantair agus ulcabháin chomh maith. Tá na pictiúir curtha i gcrích i ngualach agus in ócar dearg. Bhí roinnt de na h-imlínte ar na fíortha greanta sna ballaí sular cuireadh an dath orthu. Fuarthas stionsail lámh agus clónna de lámha chomh maith.

An rud is íontaí faoi na picitúir taobh amuigh dá feabhas agus a líonmhaire agus atá siad is ea go mbaineannn siad leis an tréimhse c.32,000 R.Ch. de réir na tástálacha a rinneadh go dtí seo. Tá seo cúig mhíle bliain níos sine ná mar a bhí ar eolas ó áit ar bith eile go dtí seo. Tharraing na dátaí seo aighneas ach tógfaidh sé fiche bliain eile chun an suíomh agus na pictiúir a iniúchadh i gceart.

An Pictiúr: Greanadóireacht a fuarthas in Uaimh Chauvet

Catagóir: Ealaíona na Réamhstaire

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint