about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chester-Beatty

click to view fullsize



Leabharlann Chester-Beatty

Bailiúchán fíor-thábhachtach de níos mó ná deich míle lámhscríbhinní maisithe, cáipéisí agus déantáin ealaíne atá lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath anois agus faoi chúram Rialtas na hÉireann. B’é an Meiriceánach Alfred Chester-Beatty a chuinnigh é agus a d’fhág mar uacht é do mhuintir na hÉireann ar a bhás sa bhliain 1968.

Tháinig sé chun cónaithe in Éirinn sa bhliain 1950. Thosaigh sé ag cruinniú lámhscríbhinní Ioslamacha, cóipeanna maisithe den Chóran go mór mór nuair a bhí sé san Éigipt sa bhliain 1914. Tar éis turas don chian-Oirthear ina dhiaidh sin thosaigh sé ag ceannach lámhscríbhinní agus déantáin de chuid na Síne agus na Seapáine. Chuir sé go mór lena bhailúchán ar ball le lámhscríbhinní maisithe ó Iarthar na hEorpa agus ón mBiosant agus le cáipéisí luachmhara ó gach áit. Tá an bailiúchán ar an ceann is fearr agus is tábhachtaí ar domhain.

Catagóir: Eolas Ginearálta faoi na healaíona

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint