about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chiaroscuro

click to view fullsize

Téarma Iodáilise a chiallaíonn geal-dorcha. Tugtar clair-obscur ar an téarma sa Fhraincis agus baineann na Gearmáinigh feidhm as an leagan Fraincise d’ainneoin go bhfuil hell-dunkel acu féin. Ar chaoi ar bith tagraíonn an téarma do chodarsnachtaí treise idir solas agus scáth i bpictiúir a bhíonn dorcha sa chuid is mó. Oireann an teicníocht is mó don phéintéireacht oladhatha agus tagann sé chun tosaigh céim ar chéim léi.

Bhí Leonardo da Vinci (1452-1519) chun tosaigh ann ag baint feidhm as chiaroscuro láidir chun éifeacht an doimhnis a chruthú ar dhromchla dáthoiseach. Tugtar an chreidiúint dó uaireanta as an teicníocht agus as peirspictíocht atmaisféarach a cheapadh.

Bhí Caravaggio (1573-1610) ar dhuine de na healaíontóirí ba thúisce a bhain feidhm fhorleitheadúil as an teicníocht seo ina shaothar. Thug sé béim agus éifeacht dhrámatúil ar na príomhfhíoranna ina chuid ceapachán trí chiaroscuro spotsholasach. Tréithríonn chiaroscuro cuid mhaith de shaothar Rembrandt van Rijn (1606-69) chomh maith. Bhain seisean feidhm éifeachtach as chun trua a chothú d’fhíoranna aonair ina chuid ceapachán.

Bhí ráchairt ar feadh tamaill sa seachtú céad déag ar chiaroscuro le coinnle nó tóirsí mar fhoinsí solais agus luaitear Georges de la Tour agus Antoine agus na deartháireacha, Louis agus Mathieu Le Nain leis seo. Is é feidhm an chiaroscuro a idirdhealaíonn péintéireacht na hEorpa ó thraidisiúin péintéireachta eile ar fud an domhain.

An Pictiúr: Trí Chrann; eitseál de chuid Rembrandt; Tírdhreach le teach agus sciobóil

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint